|
|
|
|
Tabhair dom do bheannacht a Thiarna Is file mé, is peacach mé. Tá orm dul chuig
an bhfaoistin. Táim ciontach Tá cion agam ar an teanga seo, ní liomsa í ní mo chéad ná mo dara ghrá í. Peaca na sainte faoistín
a thabhairt duit: leabhair is téipeanna is fistéipeanna ó mo sheomra lán go doras is mo chroí i bpeaca na héada le haon
duine a dtéann a blas nó a dath níos fearr leo ná liomsa
Ba mhaith liom a bheith ag damhsa le mo mhuirnín óg gan
stad, ach níl mé in ann seasamh fós Maith dom mo thitim focail. Seo mo chos i mbéal ah ghairdin, áit a bhfásann mo theangacha bláthanna
chomh hiontach agus chomh hait le seacht dteangacha de bhladhairí
Nuair a fhásann mo ghaidín, éiríonn mo dhinnéar
fuar sa mhicreathonn. Baileann diosta chomh tapaidh le sneachta nua. Dírím mé mo shúile ar an fhoclóir, tá na mná
sí ag damhsa agus éiríonn dánta timpeall an tí--
O Thiarna, tá focail an chríobhrú agam ar bharr mo theanga ach
níl siad ina n-áiteanna cearta taispéan do thrócaire dom agus b'fhéidir ceacht beag faoin na tsealbhach. Ná tabhair
dom aislingí, tá dóthain fistéipeanna agam Chifidh mé thú an tseachtain seo chugainn Tabhair dom do bheannachtaí, a
Thiarna
Foighne ort. Fáinne ort, Fáinne óir ort.
Amen |
|