|
glacaimid, a chairde, le cibé abhras atá ar na
bioráin againn mura bhfuil snáitheanna brionglóidí ár n-noige fineálta is fionnórga tógaimid an cochán a bhí lá den
tsaol chomh gorm leis an fhéar mhilis ag lúbadh go sámh in aghaidh na gaoithe
glacaimid chomh maith, le cibé brionglóid
is cuimhin linn agus cibé rud atá múinte againn faoin tseol láimh seo an curaclam atá i rinn ár méara againn agus
an t-eolas uilig atá again faoin chros seo le dearadh umhal bhríde nach bhfuil trom ar shlat ár ndroma ach lenár
gcuid láimhe á dhéanamh is á thairiscint |
|